Glantóir, Coláiste na Coiribe (Athfhógairt)
Fáilteoidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí don phost seo a leanas:
Glantóir
Coláiste na Coiribe, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Páirtaimseartha agus Sealadach
Uaireanta sa tseachtain: 25
Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil
ÁIRÍTEAR I MEASC DUALGAIS GLANTÓRA NA CINN SEO A LEANAS
SAINCHUNTAS POIST:
GO LAETHÚIL
- Scuabadh/folúsghlanadh/glanadh laethúil dromchlaí agus urláir i seomraí ranga, pasáistí, oifigí, mar is gá
- Glanadh, cuimilt agus scuabadh laethúil sa limistéar ceaintín agus seomra foirne tar éis sosa agus lóin
- Mapáil agus coinneáil sábháilte aon uisce nó doirteadh ar urláir
- Glanadh agus cothabháil limistéar fáiltithe na scoile
- Baint páipéir ó limistéir bhinsí agus scaradh agus diúscairt dramhaíola
- Glanadh agus díghalrú na limistéar leithris
- Damáiste nó guaiseacha a thuairisciú
- Freagracht as stóráil shábháilte gach eochrach, fobanna, ábhair ghuaiseacha, trealamh glanta agus uirlisí
- Doirse agus fuinneoga na scoile a dhaingniú ar bhonn laethúil
GO SEACHTAINIÚIL
- Cuimilt, dustáil gach dromchla fuinneoige agus fáil réidh le graifítí mar is gá
- Díghalrú agus glanadh críochnúi na limistéar leithris, úirinéil, babhlaí leithris agus urláir leithris
- Glanadh oifigí na scoile dromchlaí agus urláir san áireamh
- Boscaí bruscair agus boscaí athchúrsála na scoile ar fad a fholmhú
- Boscaí bruscair a chur amach le gur féidir iad a thógáil ón bhfoirgneamh
- Gach limistéár a scrúdú chun fadhbanna ar gá díriú orthu a aithin
GO MÍOSÚIL
- Athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir ar fad atá le glanadh agus a bhfuil cothabháil le déanamh orthu agus an glanadh a phleanáil ar bhonn sceidealaithe
GO GINEARÁLTA
- Freagracht as urláir agus dromchlaí a choinneáil glanta agus sláinteach go dtí na caighdeáin is airde
- Tacú le Polasaí Glas na scoile maidir le hAthchúrsáil agus Diúscairt Dramhaíola
- Ionaid Scrúduithe a ullmhú de réir mar is gá
- Foirgneamh na scoile a ullmhú le haghaidh ócáidí speisialta
- A chinntiú go nglantar an scoil le linn tréimhsí saoire
- Solúbthacht maidir le dualgais a rothlú le comhghleacaithe
- Oibriú mar bhall foirne
Gach dualgas eile a d’fhéadfadh an Príomhoide, an Príomhoide Tánaisteach/múinteoir / bainisteoir ainmnithe a shannadh ó am go ham.
The closing date for applications is Thursday the 31st of October 2024
Before you go
By creating a job alert, you agree to our Terms. You can unsubscribe from these directly within the emails or as detailed in our terms.
Continue to job